Rugadh an ceoltóir agus damhsóir Roy Ó Gealbháin, stiúrthóir an Ionaid Chultúrtha Tigh Roy i Luimneach. Tá an-cháil air mar gheall ar a ionchur in iliomad cláracha teilifíse agus raidió. Sa bhliain dheireannach bunscoile dó, fuair Roy buneolas ceirde i dtaobh an cheoil thraidisiúnta ó Dheirdre O’ Brien Vaughan. Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag ceoltóireacht go poiblí, ag soláthar idircheoil ag seisiúin fhilíochta Chiorcal Filíochta Chathair Luimnigh. Is minic a thug sé cuairt ar Pheig i Murroe i gCo. Luimnigh, áit ar chaith sé tráthnóintí fada ag ceoltóireacht léi. Thart faoin am seo thosaigh Roy ag dul siar go Chontae an Chláir ar thóir seisiún agus is iomaí oíche a chaith sé i dteannta Junior Crehan, Willie Clancy, Micho Russell, agus Tony McMahon. Ba bhreá le Roy foinn mhalla a sheinm, agus tháinig sé go mór faoi anáil Festy Conlan, an ceoiltóir feadóige agus fliúite ó Chonamara. I 1971, bhuaigh Roy Scór, an comórtas ceoil uile-éireann, le leagan Festy den bhfonn mall An Raibh Tú Ag an gCarraig agus leis an bport Banish Misfortune, a phioc sé suas ón bpíobaire Willy Clancy. Mhol Pilib O ’Laoghaire é as a mhothálaí is a bhí a leagan den fhonn mall. D’ fhoghlaim Roy a chéad phort ón bhfidléir cáiliúil Con Foley agus sar i bhfad bhí sé ag glacadh páirte i seisiúin ar fud Chathair agus Chontae Luimnigh le Donal O’ Connor (fidil), Séamus Connolly (fidil), agus Peg Ryan (fliúit) ach go háirithe, a chabhraigh go mór le Roy. tuilleadh . . .