An bhliain dar gcionn, bhí Roy i láthair ag oscailt oifigiúil Raidió na Gaelteachta, agus níos déanaí sa bhliain chéanna b’ é an chéad cheoltóir nach ón nGaeltacht é a craoladh ar an stáisiún. Ó shin i leith, tá Roy tar éis cur lena réimse uilisí, agus tá na píopaí uilinn, an maindilín agus an fhliúit ar a thoil anois aige. D’ imigh se ar chamchuairt go Ceanada agus na Stáit Aontaithe, áit ar sheinn sé i Halla Charnegie agus in Ionad na gCinnéadach i Washington. Chomh maith leis sin, sheinn Roy ceol Gaelach i mBermuda go minic. Tá sé tar éis filleadh óna thríú cuairt go dtí an Rúis, áit a raibh sé ag ceoltóireacht agus ag reachtáil ceardlann rince. Is rinceoir aonair, rinceoir seite agus rinceoir ar an sean-nós den scoth é Roy. Chomh maith le bheith ina cheoltóir agus ina rinceoir traidisiúnta, d’ éirigh thar barr le Roy mar rinceoir ballet. D’ oibrigh sé go gairmiúil leis an Irish Ballet Company agus Dublin City Ballet, agus ina dhiaidh sin bhí sé i bhfeighil ar chúrsaí ballet san Irish Modern Dance Theatre. I 1984 bhunaigh sé a bhuíon féin, Pas de Deux Dance Company, a chuaigh ós comhair an phobail go rialta ag Gailearaí Náisiúnta na héireann agus ag an gCeoláras Náisiúnta (a bhfuil tagairt dó san Encyclopaedia of Ireland). I 1996, d’ éirigh Roy as an rince gairmiúil chun aghaidh a thabhairt go lánaimseartha ar chur chun cinn an chultúir Ghaelaigh ina ionad nua, Tigh Roy, i nGleann Eatharlaí, Co. Thiobraid árann. Is é seo an chéad ionad cultúir sa cheantar a chuir roimhe an teanga, amhráin, ceol agus rince traidisiúnta a chur chun cinn, agus tríd an idirghníomhaíocht a bhíonn aige leis an gcomhphobal áitiúil agus níos faide i gcéin, tacaíonn sé le grúpaí eile atá ag saothrú sa ghort céanna. Tá sé mar sprioc ag Tigh Roy seans a thabhairt do mhuintir Ghleann Eatharlaí agus tuaisceart na Mumhan cur lena scileanna ceoltóireachta. Déantar iarracht freastal ar réimse leathan stíleanna ceoil i bhformáidí éagsúla ar nós cúrsaí teagaisc, foghlaim neamhfhoirmeálta agus ceolchoirmeacha beo. arais